Nuair a dhéanann tú ceangal le suíomh Gréasáin, ní iad oibreoirí an tsuímh amháin atá in ann eolas fútsa a bhailiú. Úsáideann go leor suíomh seirbhísí tríú páirtí, mar shampla cnaipí sóisialta "Is maith liom é", lorgairí anailísíochta, agus rabhcháin fógraíochta, iad ar fad in ann do chuid gníomhaíochta a lorg ó shuíomh go suíomh.

Coisceann líonra Tor ar chúléisteoirí do láthair gheografach agus do sheoladh IP a fháil amach. Ach fiú gan an t-eolas seo, is féidir leo na rudaí a dhéanann tú in áiteanna éagsúla a nascadh le chéile. Dá bharr seo, chuireamar roinnt gnéithe i mBrabhsálaí Tor a chuidíonn leat sonraí a bhaineann leatsa go pearsanta a choinneáil faoi smacht.

AN BARRA URL

Díríonn Brabhsálaí Tor d'eispéireas Gréasáin ar an ngaol idir tusa agus an suíomh Gréasáin sa bharra URL. Fiú dá ndéanfá ceangal le dhá shuíomh dhifriúla a bhaineann úsáid as an tseirbhís lorgaireachta chéanna, d'iarrfadh Brabhsálaí Tor an t-ábhar ó na suímh trí dhá chiorcad Tor dhifriúla, ionas nach mbeadh a fhios ag an tseirbhís lorgaireachta gur tháinig an dá cheangal ó do bhrabhsálaí.

Os a choinne sin, déanfar gach ceangal le suíomh amháin ar an gciorcad céanna Tor, rud a chiallaíonn gur féidir leat leathanaigh éagsúla ó shuíomh Gréasáin amháin a bhrabhsáil i gcluaisíní nó i bhfuinneoga éagsúla, gan chur isteach ar fheidhmiú an tsuímh.

Taispeáin léaráid chiorcaid faoin roghchlár faisnéise suímh

Is féidir leat léaráid den chiorcad atá Brabhsálaí Tor ag úsáid sa chluaisín reatha a fháil sa roghchlár a thugann eolas faoin suíomh, sa mbarra URL.

Sa chiorcad, is é an Garda nó an nód iontrála an chéad nód agus roghnaíonn Tor é go huathoibríoch agus go randamach. Ach tá sé difriúil ó na nóid eile sa chiorcad. Chun ionsaithe próifílithe a sheachaint, ní athraíonn an nód Garda ach amháin tar éis 2-3 mhí, murab ionann agus na nóid eile, a athraíonn le gach fearann nua. Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi Ghardaí, féach ar an FAQ agus Tairseach Tacaíochta.

LOGÁIL ISTEACH THAR TOR

Cé gur dearadh Brabhsálaí Tor chun cabhrú leat d'aitheantas a choinneáil i bhfolach ar an nGréasán, uaireanta tá sé ciallmhar Tor a úsáid ar shuímh Ghréasáin a éilíonn ainm úsáideora, focal faire, nó faisnéis phearsanta eile.

Nuair a logálann tú isteach i suíomh Gréasáin trí ghnáthbhrabhsálaí, nochtann tú do sheoladh IP agus do láthair gheografach sa phróiseas. Is ionann an cás nuair a sheolann tú ríomhphost. Ach nuair a úsáideann tú Brabhsálaí Tor chun logáil isteach i gcuntas ríomhphoist nó i suíomh sóisialta, bíonn tú in ann an t-eolas a nochtann tú don suíomh a rialú. Tá Brabhsálaí Tor áisiúil freisin sa chás go bhfuil an suíomh atá tú ag iarraidh baint amach faoi chinsireacht ar do líonra.

Roinnt pointí ba chóir duit a choinneáil i gcuimhne nuair a logálann tú isteach i suíomh Gréasáin trí Tor:

  • Féach ar an leathanach Ceangail Slán chun faisnéis thábhachtach a fháil faoi conas do nasc a dhéanamh slán agus tú ag logáil isteach.
  • Nuair a úsáideann tú Brabhsálaí Tor, is minic go ndealraíonn sé go bhfuil do cheangal ag teacht ó áit éigin go hiomlán difriúil ar domhan. Dá bharr seo, seans go gceapfaidh suímh áirithe, mar shampla bainc nó soláthraithe ríomhphoist, gur bhris bradaí isteach i do chuntas agus cuirfidh siad do chuntas faoi ghlas. Is é an bealach amháin leis seo a réiteach ná an próiseas athshlánaithe cuntais ar an suíomh a leanúint, nó dul i dteagmháil le stiúrthóirí an tsuímh chun cúrsaí a mhíniú.

AITHEANTAIS AGUS CIORCAID A ATHRÚ

Roghanna Aitheantais Nua agus Ciorcad Nua Tor faoin bpríomhroghchlár

Tá roghanna "Aitheantais Nua" agus "Ciorcad Nua Tor don Suíomh seo" ag Brabhsálaí Tor. Tá siad lonnaithe freisin sa hamburger nó sa phríomh-roghchlár (≡).

AITHEANTAS NUA

Tá an rogha seo úsáideach má tá tú ag iarraidh cosc a chur ar lorgairí do ghníomhaíocht bhrabhsála sa todhchaí a nascadh lena ndearna tú roimhe seo. Má roghnaíonn tú é seo, dúnfar gach cluaisín agus fuinneog oscailte, glanfar aon fhaisnéis phearsanta, ar nós fianán agus do stair bhrabhsála, agus bunófar ciorcaid nua Tor do gach ceangal. Tabharfaidh Brabhsálaí Tor rabhadh duit go bhfuil sé ar tí do ghníomhaíocht agus íoslódálacha a stopadh, rud le cur san áireamh sula gcliceálfaidh tú “Aitheantas Nua”.

Chun an rogha seo a úsáid, níl le déanamh agat ach cliceáil ar 'Aitheantas Nua' i mbarra uirlisí Brabhsálaí Tor.

Ciorcad Nua Tor don Suíomh seo

Tá an rogha seo úsáideach mura bhfuil an relay scoir atá in úsáid agat in ann ceangal leis an suíomh Gréasáin atá uait, nó mura bhfuil sé á lódáil i gceart. Má roghnaíonn tú é, déanfar an cluaisín nó an fhuinneog atá gníomhach faoi láthair a athlódáil thar chiorcad nua Tor. Bainfidh cluaisíní agus fuinneoga oscailte eile ón suíomh Gréasáin céanna úsáid as an gciorcad nua freisin nuair a athlódálfar iad. Ní ghlanann an rogha seo aon fhaisnéis phríobháideach ná ní dhínascann sé do ghníomhaíocht, agus ní chuireann sé isteach ar do naisc reatha le láithreáin ghréasáin eile.

Gheobhaidh tú an rogha seo freisin sa taispeáint ar chiorcaid nua, sa roghchlár a thugann eolas faoin suíomh, sa mbarra URL.