Má sheolann tú sonraí phearsanta, mar shampla focail fhaire, ar an Idirlíon gan chriptiú, tá sé an-éasca do chúléisteoir iad a idircheapadh. Má tá tú ag logáil isteach i suíomh Gréasáin, ba chóir duit deimhniú go n-úsáideann an suíomh criptiú HTTPS, rud a chosnaíonn ar an sórt seo cúléisteachta thú. Is féidir leat é seo a dheimhniú sa bharra URL: má tá do cheangal criptithe, tosóidh an seoladh le “https://”, in áit “http://”.

Mód HTTPS Amháin i mBrabhsálaí Tor

Cuireann mód HTTPS-Only iachall ar gach nasc chuig láithreáin ghréasáin nasc slán criptithe ar a dtugtar HTTPS a úsáid. Tacaíonn formhór na suíomhanna gréasáin le HTTPS cheana féin; tacaíonn roinnt acu le HTTP agus HTTPS. Cinntíonn cumasú an mhód seo go n-uasghrádófar do naisc go léir le láithreáin ghréasáin chun HTTPS a úsáid agus mar sin slán.

Mód HTTPS amháin i mBrabhsálaí Tor

Ní thacaíonn roinnt suíomhanna gréasáin ach le HTTP agus ní féidir an nasc a uasghrádú. Mura bhfuil leagan HTTPS de shuíomh ar fáil, feicfidh tú leathanach "Níl Ceangal Slán ar Fáil":

Níl Ceangal Slán ar fáil nuair a bhíonn suíomh Gréasáin HTTP

Má chliceálann tú ar ‘Lean ar aghaidh chuig Láithreán HTTP’ glacann tú leis an riosca agus ansin tabharfaidh tú cuairt ar leagan HTTP den suíomh. Déanfar Mód HTTPS Amháin a mhúchadh go sealadach don suíomh sin.

Cliceáil ar an gcnaipe ‘Téigh ar ais’ más mian leat aon naisc neamhchriptithe a sheachaint.

Sábháilteacht cripte-airgeadra

Cuireann Brabhsálaí Tor leid slándála i láthair má tá seoladh cryptocurrency cóipeáilte ó shuíomh Gréasáin HTTP neamhdhaingean. D'fhéadfaí an seoladh cryptocurrency a mhodhnú agus níor cheart a bheith iontaofa. Má chliceáiltear ar ‘Athlódáil Cluaisín le Ciorcad Nua’, déanfar iarracht leagan slán den suíomh Gréasáin a lódáil le ciorcad nua Tor.

Sábháilteacht cripte-airgeadra

Má chliceálann tú ‘Díbhe’ glacfaidh tú leis an riosca agus déanfar an seoladh cryptocurrency a chóipeáil chuig an ngearrthaisce.

An chaoi a n-oibríonn criptiúchán HTTPS agus Tor i mBrabhsálaí Tor chun do phríobháideachas agus do anaithnideacht a fheabhsú

Taispeánann an pictiúr seo an t-eolas atá cúléisteoirí in ann a fheiceáil le Brabhsálaí Tor agus criptiú HTTPS, agus gan iad:

  • Tar éis duit an cnaipe “Tor” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil Tor ar siúl.
  • Tar éis duit an cnaipe “HTTPS” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú HTTPS. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil HTTPS ar siúl.
  • Nuair a bhíonn an dá chnaipe uaine, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor agus HTTPS le chéile.
  • Nuair a bhíonn an dá chnaipe liath, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair nach n-úsáideann tú Tor ná HTTPS.



SONRAÍ A FHÉADFADH A FHÁIL
Tuairisc.ie
An suíomh a dtugtar cuairt air.
úsáideoir / focal faire
Ainm úsáideora agus focal faire a úsáidtear le fíordheimhniú.
sonraí
Na sonraí á n-aistriú.
suíomh
Seoladh an ríomhaire a úsáideadh chun cuairt a thabhairt ar an suíomh (an seoladh IP poiblí).
Tor
An bhfuil Tor in úsáid nó nach bhfuil.